Póló
| Cineál | spórt foirne agus spórt eachaíochta |
|---|---|
Cluiche simplí go leor é an póló. Ina bhun bíonn dhá fhoireann a bhfuil ceathrar marcach ar mhuin capaill ar chaon taobh, máilléad an duine acusan a bhfuil feacanna fada astu agus iad ar a mbionda ag iarraidh liathróid bheag a chur isteach i gcúl a gcéilí comhraic.
Fágann an costas a bhaineann leis gur fíorbheagán atá in acmhainn é a imirt sa lá atá inniu ann ach tá roinnt foirne ag plé go gairmiúil leis go háirithe san Airgintín, sna Státaí, i Sasana agus sa Spáinn.[1]
Rialacha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bpóló, is ceadaithe do na marcaigh a bheith ag guailleáil a chéile agus iad féin agus a gcuid capall ag déanamh ar an liathróid.
275m x 140m, (300×160 slat) toisí na páirce, maireann an cluiche ar a laghad uair go leith – ach ní bhíonn ach tuairim leathuair imeartha i gceist mar go n-athraíonn na marcaigh capall ag deireadh chuile cheathrú nó ‘chukka’.[1]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Deirtear gur cluiche é a bhí á imirt 2,500 bliain ó shin agus go mba mharcshluaite airm ba mhó a bhí ag plé leis agus iad i mbun traenála a gcuid capall sa gcaoi go gcuirfeadh siad ruaig ar an namhaid.[1]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- 1 2 3 Mártan Ó Ciardha (23 Lúnasa 2026). "Ní thógfadh sé i bhfad ar na gasúir as Conamara suim a chailliúint sa bpóló agus díriú ar na moncaithe sa zú" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-08-24.